Friday 23 September 2016

Nuálaíocht Inbhuanaithe agus Oideachas Innealtóireachta.

Tá caint le tabhairt ag Fionnbarra Ó Brolcháin, léachtaí de chuid Scoil Ghnó Smurfit agus iar-ollamh airgeadais i DCU ag Cumann na nInnealteoirí i mBaile Átha Cliath an mí seo chugainn. (Deireadh Fómhair 2016).

Seo achoimre den ábhar a bheidh á phlé faoin dtideal: "Nuálaíocht Inbhuanaithe agus Oideachas Innealtóireachta!"
Fionnbarra Ó Brolcháin ag múineadh i Scoil Ghnó Smurfit, UCD. Is  iar-ollamh airgeadais é i DCU, áit ar bhunaigh sé freisin an lár-ionad Gaeilge, Fiontar. Is comhúdár an leabhair é, Digging Deeper (le teacht, 2016), Gombeens at the Gate (2016), The Irish Edge (2013) agus Capitalising on Culture, Competing on Difference (2008). Tá céim innealtóireacht leictreach aige ó UCC agus PhD in airgeadas idirnáisiúnta aige ó Scoil Ghnó Stern, Ollscoil Nua Eabhrach (NYU). 

Cé go raibh na gluaiseachtaí a mhúnlaigh an Athbheochan (1890-1920), agus a spreag Éirí Amach na Cásca 1916 agus bunú an tSaorstáit, neamhspléach óna chéile, bhí siad idirghaolmhar agus bhí saintréithe áirithe lárnach i ngach ceann. San Athbheochan, chonaic siad siúd a bhí páirteach ann acmhainní cultúrtha agus nádúrtha mar ghnéithe rí-thábhachtacha in eitic nuálaíochta de bharr naisc idir féin-tuiscint, féin-mheas, féiniúlacht agus éiteas cruthaitheachta.

Sa lá atá inniú ann, nó go háirithe inniú, is iad na hacmhainní is luachmhaire agus is inbhuanaithí chun nuálaíocht a spreagadh ná iad atá neamhinste, an tsamhlaíocht agus an inspioráid, ach go háirithe. Ní déantán marbh frith-nua-aimseartha agus frith-gheilleagrach é an traidisiún agus cuimhne ach foinse dhinimiciúl agus uathúil, cineál gorlann cruthaitheachta agus fiontraíochta. Dá mbaintear níos mó feidhme as saintréithe mar iad, thiománfadh san núalaíocht inbhuanaithe agus todhchaí sochaí na tíre.

Luíonn gach atá anseo le nuálaíocht agus le hoideachas innealtóirí fud fad na cruinne, agus buntáistí faoi leith a bhaineann linnne in Èirinn nó as Éirinn.

Am/dáta:  
18:30, Dé Céadaoin, 12ú Deireadh Fómhair 2016.

Láthair: 
Cumann na nInnealtóirí, 22 Br. Cluaidhe, BÁC 4. 

Caifé/tae agus eile ag an mbeár roimhré agus taréis na léachta.  

Saor-chead isteach.   Fáilte roimh chách. 

 @EngineerIreland

No comments:

Post a Comment